Imbolc 2017 – Ruth Nic Aibhne

Ruth Nic Aibhne

Bhí Ruth Nic Aibhne ag obair mar iriseoir nuair a shocraigh sí staidéar a dhéanamh ar eolaíocht agus ar chumarsáid na heolaíochta. Fuair sí deontas ó Áisínteacht Spáis na hEorpa (ESA) le freastal ar an Ollscoil Spáis Idirnáisiúnta (ISU) in 2010 agus tá dlúthbhaint aici le cúrsaí spáis ó shin i leith. D’oibrigh sí le ESA agus EUMETSAT, agus fuair sí cuireadh chuig lainseáil deireanach an spástointeálaí mar bhall den leanúnacht méan sóisialta de chuid NASA. Oibríonn sí anois i gcumarsáid na heolaíochta agus beidh sí i gceannas ar rann na ndaonnachtaí le ISU le linn an tsamhraidh seo romhainn nuair a chuirfear an cúrsa samhraidh dá chuid ar siúl in Institiúd Teicneolaíochata Chorcaí. Ag Imbolc 2017 chuir sí in iúl dúinn gur “linne an cosmas”, le béim á cur ar a bhfuil ar siúl ag an Eoraip agus ag Eireannaigh ach go háirithe i réimse an spáis. Ar aghaidh linn!

Leave a Reply