Imbolc 2019 – Siobhán Ní Dhuinnín

Is ealaíontóir damhsa ó Chorcaigh í Siobhán Ní Dhuinnín, a rinne staidéar ag Northern School of Contemporary Dance, an Ríocht Aontaithe, agus lean sí ar aghaidh chun máistreacht a bhaint amach ag Dámh Chruinne Éireann Rince & Ceol, Ollscoil Luimigh. Ó shin i leith d’oibrigh sí le John Jasperse, Liz Roche (Step Up Dance Project ’12), Laura Murphy agus Mary Wycherly. Is ball í den chompántas damhsa Croí Glan. Taispeánadh a cuid oibre ag Féile Ealaíona Dhroichead na Bandan, Firkin Crane, Corcaigh, agus Dance Limerick.

Faoi láthair is rinceoir cónaitheach í Siobhán ag an Ionad Cultúrtha, Baile Bhúirne. D’oibrigh Siobhán mar cóireagrafaí ar Sean Nós na n-Óg leis an amhránaí, Síle Denvir, ag Éigse Dhiarmuidín 2017. Spreag an togra seo í chun nascanna a fhorbairt leis an gceantar. Bhí gaol láidir ag Ionad Cultúrtha le rince comhaimseartha riamh. Ba é Fearghus Ó Conchúir an chéad rinceoir cónaitheach a bhí san Ionad agus beidh Siobhán ag tógaint ar an tréimhse seo. Deirinn Siobhán; “Is deis iontach é seo domsa gaol níos doimhne a chruthú leis an dúchas saibhir ealaíonta seo. Táim ag súil go mór le haithne a chuir ar comhoibrithe nua agus pobal na háite”.

Tuilleadh faoi Shiobhán ar facebook anseo.

Pictiúr ó danceireland.ie

Tags: ,
 

Comments are closed.