Imbolc 2019 – Leo Creedon

Matamaiticeoir agus eolaí é Leo Creedon a d’oibrigh ar raon éagsúil fadhbanna teoiriciúla. Bhain sé amach BSc agus MSc sa mhatamaitic ó Choláiste na hOllscoille Corcaigh agus ansin PhD in ailgéabar ó Ollscoil Alberta i gCeanada in 2000. D’oibrigh sé in ollscoileanna i gCeanada agus in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, roimh an ról atá aige faoi láthair ag Institiúid Teicneolaíochta Sligeach. Tá sé ag déanamh taighde agus ag léachtóireacht ansin ó 2004. Is Stiúrthóir é ar Ghrúpa Taighde um Samhailiú Matamaiticiúla IT Sligeach, agus bíonn sé ag caint ag comhdhálacha ar fud an domhain. Is breá leis na fadhbanna teoiriciúla matamaitice a mbíonn áille ag baint leo, agus chomh maith leis téann sé i gcomhpháirtíocht lena chuid comhghleacaithe maidir le hobair i gcumarsáid agus innealtóireacht. An obair is déanaí idir lámha aige ná comhoibriú maidir le bitheolaíocht mhatamaiticiúil le comhghleacaithe in Acadamh Eolaíochtaí na Polainne, áit a gceapfar mar ollamh cuairte é. Ag Féile Imbolc 2019 rinne sé plé ar ábhair a bhaineann le matamaitic, fealsúnacht, háilleacht agus cumarsáid.

Tags:
 

Comments are closed.