Imbolc 2019 – Teresa Lynn

Is Comhalta Taighde í an Dr. Teresa Lynn san Ionad ADAPT, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá spéis ar leith ag Teresa i bhforbairt acmhainní teanga a thugann tacaíocht do theicneolaíocht na Gaeilge agus úsáid na Gaeilge ar líne san áireamh. Tá an tionscadal GaelTech faoi stiúir Teresa faoi láthair, arna mhaoiniú ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Cuimsíonn an tionscadal seo taighde ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le próiseáil uathoibríoch téacsanna Gaeilge. Chomh maith leis sin, déanann sí maoirseacht ar bhailiú sonraí Gaeilge ar son Comhordú Acmhainní na dTeangacha Eorpacha, ar mhaithe le haistriúchán uathoibríoch don Ghaeilge a chur chun cinn san Eoraip.

Comments are closed.