Imbolc 2020 – Aoife Granville

Cé go seinneann sí iliomad uirlisí agus saghasanna ceoil, tá cáil ar leith ar Aoife Granville mar dhuine dos na fliúitadóirí is tábhachtaí sa traidisiún Ghaelach comhaimseartha. Tá an tríú albam aonarach á thaifead aici fé láthair agus tóir uirthi mar mhúintóir, léachtóir, ceoltóir agus amhránaí go náisiúnta is go hidirnáisiúnta. Tá an domhan siúlta aici de bhárr a gcuid ceoil agus tar éis dochtúireacht a fháil sa Cheol & Béaloideas (ar ábhar an Dreoilín i nDaingean Uí Chúis & traidisiúntí Carnabhal domhanda), chaith sí seal ag obair mar léachtóir I Roinn an Cheoil, Ollscoil Chorcaí agus Ollscoil Newcastle Shasana. Tá craobhacha uile Éireann buaite aici ar réimse d’uirlisí ag Fleadhanna Cheoil & Oireachtas na Gaeilge tríd na blianta chomh maith le cabhrú le ceoltóirí óga na craobhacha sin a bhaint amach leis. Chaith sí seal ag léachtóireacht i Roinn an Bhéaloidis Ollscoil Chorcaí agus mar chúntóir foilsiúcháin leis an tOllamh Gearóid Ó Crualaoich sula ghlac sí leis an boost mar Bhainisteoir Chultúir agus Teangan san Ionad Cultúrtha i mBaile Mhúire.

Comments are closed.