Imbolc 2020 – Diarmuid Lyng

Is de bharr an clár teilifíse “Gizzy: The Geansaí” a fuair Diarmuid Lyng aitheantas den chéad uair mar dhuine le meas mór aige ar an teanga agus ar an timpeallacht. Sa chlár, mhínigh sé conas a d’iompaigh gráin go grá tar éis cúrsa tumoideachais i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus é ina fhichidí.

Ó shin i leith, tá Diarmuid tar éis bogadh chuig an nGaeltacht agus múineann sé ‘aireachas (mindfulness)’ do lucht foghlamtha ar cuairt sa cheantar. D’oibrigh sé mar éascaitheoir le Fondúireacht SAOR, ag cabhrú le daoine óige a bhféin-mheas agus a n-acmhainní a aimsiú dóibh féin.

Is iar-chaptaen foireann iománaíochta Loch Gharmain é, agus oibríonn sé mar anailísí spóirt ar TG4, ar Newstalk, agus ar mheáin eile. Tugann sé ard-ranganna iománaíochta ó am go chéile, an trá an áit is fearr leis, in ionad na páirce!

Is cáinteoir neamhbhalbh é ar an tslí a mbíonn an cultúr á shlogadh ag an teicneolaíocht, agus is bunaitheoir é den fheachtas Facebook Free February. Is chomh-bhunaitheoir é leis den ghrúpa gníomhaithe Gaelic Voices for Change, ag tiomsú airgid agus ag stocaireacht ar son daoine gan dídean.

Féach www.wildirishretreat.com le tuilleadh

Comments are closed.