Imbolc 2020 – Méabh Ní Bheaglaíoch

Méabh Ní Bheaglaíoch

Tógadh Méabh i mbaile lán le ceol, agus is óna hathair Séamus, agus óna deartháireacha móra, a d’fhoghlaim sí féin an cheird. In éineacht lena muintir féin, bhíodh ceoltóirí mór le rá de shíor ar cuairt ag an teach acu i mBaile na bPoc in Iarthar Dhuibhneach, agus le saol chomh lán le binneas ceoil ní haon ionadh é go bhfuil cáil á baint amach ag Méabh féin sa ghort céanna.

Beidh Méabh, Séamus Beaglaíoch, agus Matt Griffin i mbun ceoil mar chuid d’Imbolc san Ionad Cultúrtha oíche Aoine 14 Feabhra, agus beidh Méabh féin ag caint ar an stáitse an lá dár gcionn mar chuid den chomhdháil – áit a bpléfidh sí a cúlra féin, agus an ceirnín nua dá cuid.

Tags: ,
 

Comments are closed.