Imbolc 2020 – Siobhán de Paor

Fad is go raibh si ag obair mar iriseoir san Irish Catholic i mBaile Átha Cliaith, bhí reabhlóid anama ag Siobhán a spreag í chun spioradáltacht Budaíoch is Hiondúch a fhoghlaim agus a chleachtadh san India agus i Neipeal. Ach ní gur fhill sí abhaile tar éis trí bhliain caite ann a tháinig sí ar a líne spioradálta dúchasach sa Chríostaíocht Cheilteach. ‘Baineadh an cuardaitheor toradh luachmhar ó fhealsúnacht an Oirthir ach tá sé níos éifeachtaí duinn paidreacha ár sínsir as Gaeilge a rá ná mantra iasachta.’

Anois déanann sí céiliúradh ar na féilte Ceilteacha le searmanais agus deasghnátha, is ciorcal na mban ar an lánghealach. Lena comhpháirtí Diarmuid, bhunaigh sí Wild Irish Retreats i gCorca Dhuibhne chun daoine a spreagadh nasc a dheanamh leis an dteanga, an nádúr is an spioradáltacht dhúchasach. ‘Tá Éireannaigh ag fualaingt toisc go bhfuilimid scartha lenár dtír, lenár dteanga is lenár spioradáltacht dhúchasach. Tá na trí rud seo fite fuaite le chéile, agus le leigheas ar cheann ar bith, tiocfaidh leigheas orthu go léir.’’

Moltar deasghnáth mar leigheas ar an ngéarchéim éiceolaíochta i ndráma da cuid Páistí an Fhiántais, léirithe ag Féile na Bealtaine anuraidh.

Múineann sí drámaíocht, scríbhneoireacht chruthaitheach agus sealgaireacht bia fiáin. Is file focail labhartha agus aisteoir í Siobhán. Ina dara seó aonmhná ‘Im’ Bholg’, tugtar dearcadh pearsanta ar easpa chearta máithreacha in Éireann, léirithe sa Taibhdhearc i 2017.

Comments are closed.