Bí linn ag Féile Imbolc 2019!

Tá Imbolc 2019, comhdháil spreagúil na Gaeilge, ar siúl an deireadh seachtaine 15/16 Feabhra 2019, san Ionad Cultúrtha, Baile Bhúirne, Co. Chorcaí. Is tionól aon lá amháin é, a thosnaíonn ag 10:00 r.n. (clárú ó 9:30), agus beidh Gaeilgeoirí iontacha ag caint ann, daoine a bhfuil obair agus taighde ceannródaíoch ar bun acu ó gach aon earnáil den saol - gnó, na healaíona, na heolaíochtaí agus eile. Tá cainteoirí den chéad scoth againn arís i mbliana, le saothar agus scéalta fíor-spéisiúla ag gach duine acu. In éineacht le lá na comhdhála féin, tá ríméad orainn go bhfuil ceolchoirm na féile ar siúl an oíche roimh ré, ag 8:30i.n. le an bhveidhleadóir Zoe Conway!

Ar an lá tabharfaidh gach cainteoir cur i láthair, fiche nóiméad ar a mhéad, ar an obair atá ar siúl acu - tugann sé sin deis dúinn réimse leathan d'ábhair a bhlaiseadh, chomh maith le cuid mhaith díospóireachta ina diaidh! Seans iontach a bheidh ann bualadh le daoine spreagúla spéisiúla, go hiomlán trí mhéan na Gaeilge. Tá cainteanna na mblianta seo thart ar fáil saor in aisce ar an suíomh seo chomh maith.

Beidh fáilte agus fiche roimh gach éinne ag Imbolc - tá ticéad ar fáil ar an suíomh seo nó ar an láthair. Má tá eolas breise uait is féidir féachaint ar an suíomh sin nó dul i dteagmháil linn féin ag (085) 1447789.

Físeáin agus scéalta le déanaí