• Diarmuid Johnson

    Imbolc 2018 – Diarmuid Johnson

    File, ceoltóir, scríbhneoir agus scoláire é Diarmuid Johnson. I gCardiff na Breataine Bige a rugadh é in 1965. Cuireadh oideachas air i nGaillimh idir 1970 agus 1989. Tá céim B.A., M.A. agus Ph.D. sa Léann Ceilteach aige. Ó 1989 i leith tá blianta go leor caite aige ina léachtóir ollscoile […]

  • Oisín Mac Giolla Bhríde ag Imbolc Electric Picnic 2017

    Bhí sé d’ádh againn bualadh le hOisín Mac Giolla Bhríde ag Electric Picnic 2017, agus thug sé cuntas dúinn den Hip Hop as Gaeilge, rud é nar thosnaigh inniu ná inné dar leis!

  • Físeán ó Electric Picnic 2017 – Eoghan Mac Cormaic

    Bhí Eoghan Mac Cormac linn ag Electric Picnic 2017 chun roinnt dá scéal féin, agus scéal chluichí boird na Gaeilge, a roinnt.

  • Ailbhe Ní Ghearbhuigh

    Imbolc 2019 – Ailbhe Ní Ghearbhuigh

    Ciarraíoch í Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Tá a cuid filíochta léite aici i bPáras, i Nua Eabhrac, i Montréal agus ar an mBuailtín. Bhuaigh a dán ‘Deireadh na Feide’ Corn Uí Néill i 2012 agus roghnaíodh ‘Filleadh ar an gCathair’ mar Dhán Uachtarántacht an Aontais Eorpaigh i 2013. Bhain an dán céanna […]

  • Imbolc 2017 – Ruth Nic Aibhne

    Imbolc 2017 – Ruth Nic Aibhne

    Bhí Ruth Nic Aibhne ag obair mar iriseoir nuair a shocraigh sí staidéar a dhéanamh ar eolaíocht agus ar chumarsáid na heolaíochta. Fuair sí deontas ó Áisínteacht Spáis na hEorpa (ESA) le freastal ar an Ollscoil Spáis Idirnáisiúnta (ISU) in 2010 agus tá dlúthbhaint aici le cúrsaí spáis ó shin […]

  • Imbolc 2017 – Sorcha Nic Mhathúna

    Imbolc 2017 – Sorcha Nic Mhathúna

    Is í Sorcha Nic Mhathúna Bainisteoir Cumarsáide Oxfam na hÉireann. Tá sí ag obair sa charthanacht le cúig bliana anuas agus thaisteal sí chuig tionscnaimh Oxfam sna Filipínigh, sa tSúdáin Theas, sa Liobáin agus sa Tansáin go dtí seo. Chomh maith le hobair éigeandála agus forbartha Oxfam, bíonn sí ag […]

  • Imbolc 2017 – Máirtín Mac Con Iomaire

    Imbolc 2017 – Máirtín Mac Con Iomaire

    Is cócaire gairmiúl, léachtóir in Ealaín na Cócaireachta, agus stairí bia é Máirtín Mac Con Iomaire atá ag obair as Institiúd Theicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Sráid Chathal Brugha le beagnach fiche bliain anois. Bhí sé ar an chéad chócaire Éireanach le dochtúracht a bhaint amach i 2009 (Stair Bhialainn Bhaile […]

  • Imbolc 2017 – Dónal Ó Céilleachair

    Imbolc 2017 – Dónal Ó Céilleachair

    Tá aithne againn ag Imbolc ar Dhónal leis na blianta, ach cosúil le daoine inspioráideacha eile, bíonn sé chomh gnóthach sin go bhfuil sé deacair teacht suas leis! Tá sé d’ádh againn in 2017 é a fháil den chéad uair chun caint a thabhairt dúinn, faoina shaol, faiona shaothar, agus […]

  • Físeán – Dairena Ní Chinnéide ag Imbolc Electric Picnic 2016

    Sa chaint oscailte ionraic seo, tugann Dairena Ní Chinnéide cur síos lom dúinn ar shaol an fhile Ghaeilge. Idir an inspioráid a bhuaileann thú amuigh faoin spéir, agus na foirmeacha atá le líonadh ag scríbhneoir na mionteanga, tá sé go léir anseo!