Imbolc 2020

Bhí Imbolc 2020, an chomhdháil Ghaeilge inspioráideach, ar siúl Feabhra 2020, san Ionad Cultúrtha, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí. Bhí scoth na nGael, a bhfuil obair agus taighde ceannródaíoch ar bun acu, ag caint (agus ag díospóireacht) ann.

Ar ball, ar an suíomh seo beidh iomaí físeán ó na cainteoirí sin. Idir an dá linn bainigí sult as na físeáin ar fad ó chainteoirí na mblianta eile. Má tá spéis agat i gcúrsaí teicneolaíochta, gnó, comhshaoil, eacnamaíochta, ceoil, agus ábhair eile nach iad - ba cheart duit cliceáil timpeall anseo!

Físeáin agus scéalta le déanaí

  • Diarmuid Lyng

    Imbolc 2020 – Diarmuid Lyng

    Is de bharr an clár teilifíse “Gizzy: The Geansaí” a fuair Diarmuid Lyng aitheantas den chéad uair mar dhuine le meas mór aige ar an teanga agus ar an timpeallacht. Sa chlár, mhínigh sé conas a d’iompaigh gráin go grá tar éis cúrsa tumoideachais i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus é […]

  • Siobhán de Paor

    Imbolc 2020 – Siobhán de Paor

    Fad is go raibh si ag obair mar iriseoir san Irish Catholic i mBaile Átha Cliaith, bhí reabhlóid anama ag Siobhán a spreag í chun spioradáltacht Budaíoch is Hiondúch a fhoghlaim agus a chleachtadh san India agus i Neipeal. Ach ní gur fhill sí abhaile tar éis trí bhliain caite […]

  • Imbolc@EP2019 – Olwen Pendred

    Imbolc@EP2019 – Olwen Pendred

    Is teiripeoir iomlánaíoch í Olwen, le bua ach go leith aici sna teiripí leagtha láimhe. Cuireann sí ar fáil timpeallacht oiliúnach in mbíonn daoine in ann aghaidh a thabhairt ar an strus agus an teannas atá bailithe acu ina saol ó lá go lá. Baineann Olwen an-úsáid as íomhánna agus […]

  • Imbolc 2020 – Méabh Ní Bheaglaíoch

    Imbolc 2020 – Méabh Ní Bheaglaíoch

    Tógadh Méabh i mbaile lán le ceol, agus is óna hathair Séamus, agus óna deartháireacha móra, a d’fhoghlaim sí féin an cheird. In éineacht lena muintir féin, bhíodh ceoltóirí mór le rá de shíor ar cuairt ag an teach acu i mBaile na bPoc in Iarthar Dhuibhneach, agus le saol […]

  • Simon Ó Cróinín

    Imbolc 2020 – Simon Ó Cróinín

    Is traidisiún ársa in Éirinn é traidisiún na beachtaireachta, agus is fear é Simon Ó Cróinín a bhfuil scéal aige le hinsint ina leith. Le déanaí seoladh leabhar dá chuid faoi thriúr fear agus a gcuid iarrachtaí bonn a chur faoin mbeachaireacht ar bhánta na Mí. Eolas cuimsitheach atá ag […]

  • Liam Mac Cóil

    Imbolc 2020 – Liam Mac Cóil

    Scríbhneoir agus criticeoir is ea Liam Mac Cóil. Tá sé ina chónaí i Ráth Chairn na Mí. Tá leabhair, ailt, agus aistí scríofa aige faoi chúrsaí litríochta, staire, ceoil, ealaíon agus teilifíse. Tá an an tríú leabhar, agus an leabhar deireanach, i sraith úrscéalta suite in Éirinn agus ar Mhór-Roinn […]

  • Ciseán na n-iarratas?

    Imbolc@EP2019 Eoin P. Ó Murchú

    Éinne a bhfuil aithne agaibh ar Eoin, tuigeann sibh a dhodhéanta is atá sé cur síos a dhéanamh ar an bhfear, ach amháin is ildánach amach is amach é! Scríbhneoir, aistritheoir, mac léinn, aorthóir, file! Sa chaint seo ag EP 2019, déanann Eoin cur síos ar na hiarrachtaí a dhein […]

  • Daithí de Buitléir

    Imbolc 2020 – Daithí de Buitléir

    Tá taithí leathan ag Daithí i réimse na nualaíochta le hiliomad gnó & tógra curtha ar bun aige. Faoi láthair is Príomhoifigeach Margaíochta é le ParkOffice, bogearra a réitíonn fadhanna paircéala do chomhlachtaí. Tá ParkOffice ar cheann do na gnólachtaí teic is mó fáis in Éirinn faoi láthair. In 2010 […]

  • Imbolc 2020 – Aengus Mac an Rí

    Imbolc 2020 – Aengus Mac an Rí

    Ceannaire cruthaitheach agus tráchtála is ea Aengus, le breis is cúig bliana déag taithí aige ag obair ar “Earraí Tomhaltóra a dhíolann go Tapa (FMCG)” Bíonn sé ag obair go hidirnáisiúnta agus go háitiúil le comhlachtaí ar nós Coca-Cola, Diageo, L’Oréal agus Bacardi-Martini. Bhuaigh feachtas margaíochta agus tráchtála dá chuid […]