Imbolc@EP2024 – Andy Caomhánach

Is léachtóir agus craoltóir aitheanta é Andy. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas dó. Tá sé ag obair d’eagraíochtaí Gaeilge ó bhí sé ina dhéagóir, ina measc Coláiste na bhFiann, Cumann na bhFiann, Club Chonradh na Gaeilge agus Raidió na Life.

Tá Andy ag obair le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe le 20 bliain anuas mar léachtóir le teicneolaíocht ina n-ionad i nGaoth Dobhair. Mhúin sé ar go leor cineálacha éagsúla cúrsaí lena n-áirítear dioplómaí, céimeanna agus cúrsaí máistreachta. Oibríonn Andy go dlúth freisin le bunscoileanna agus meánscoileanna ag cur ranganna ar fáil do na páistí agus oiliúint do mhúinteoirí.

Is craoltóir rialta é Andy le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus bíonn sé le cloisteáil go seachtainiúil ar an gclár móréilimh Barrscéalta. Oibríonn Andy le BBC agus TG4 ó am go chéile freisin.

Ciallaíonn na róil atá ag Andy in Ollscoil na Gaillimhe agus in RTÉ Raidió na Gaeltachta go mbíonn sé i gcónaí ag iarraidh a bheith chun tosaigh ar na teicneolaíochtaí is déanaí.

Comments are closed.