Le Feiceáil

Scrín Ghobnatan

Naomh Gobnait
Naomh Gobnait

Is í Naomh Gobnait banphatrún na dúiche – agus banphatrún na mbeach – agus tá fíor dheabhóid ag an bpobal di leis na céadta bliain. Tá stair ársa fíor-shuimiúil ag baint le Reilig Ghobnatan mar a bhfuil Gobnait curtha agus mar a raibh mainistir aici sa 6ú haois. Bíonn triall ag oilithrigh ó chian is ó chóngar ar an láthair seo i rith na bliana ar fad ag iarraidh leigheas agus faoiseamh ar Ghobnait.

Tá Seán Ó Riada ceoltóir agus cumadóir, Seán Ó Ríordáin file agus Diarmuid Ó Súilleabháin amhránaí, curtha sa reilig seo i measc na scórtha eile amhránaithe, filí, lucht seanchais agus ceoltóirí a choinnigh an cultúr agus an traidisiún beo agus ar bhéal na ndaoine go dtí an lá atá inniu ann.

Tuilleadh Eolais

Guágan Barra

Gugán Barra
Gugán Barra

An gleann is áille agus is rómánsaí in iardheisceart na hEireann. Tagann an t-ainm ó Naomh Fionnbarra, agus de réir an traidisiún thós seisean mainistir ar an oiléan anseo sa 6ú haois. Tá a lán siúlóidí foraoise marcáilte i nGuagán Barra, ach leis sin is féidir tiomáint timpeall an chuarbhóthair a théann tríd an foraois.

Tuilleadh Eolais

 

 

An Gaorthadh

An Gaorthadh
An Gaorthadh

Is áit ar leith í An Gaorthadh d’fhairtheoirí éan agus do shiúlóirí. An t-aon fhoraois ghlárach iaroighreach san Eoraip, míníonn an focal gaoire ‘abhainn faoi chrainn’. Cothaíonn an fhoraois bháite seo dúlra saibhir, agus aimsítear corra réisc, froganna, earca luachra, agus an lus lathaí (mudwort), a planda a bhfuil an-tearc ar fad. Bronnadh stádas Anaclann Náisiúnta Dúlra ar an áit 1987 mar aitheantas ar chomh speisialta is a bhfuil an ghnáthóg anseo.

Tuilleadh Eolais

 

Cill Airne

Cill Airne
Cill Airne

Is lárionad turasóireachta á Cill Airne le breis is 250 bliain anuas, agus tá cáil air mar gheall ar an tírdhreach fíor-álainn timpeall air. Tá scoth de bhialanna, siopadóireacht, siamsaíocht ar fáil ann, gan é ach 30 nóiméad ó Bhaile Bhúirne.

Tuilleadh Eolais