Múscraí

Tá Gaeltacht Mhúscraí suite ar an teorainn idir Corcaigh agus Ciarraí. Cuimsíonn an Ghaeltacht seo Baile Mhic Íre, Baile Bhúirne, Béal Átha’n Ghaorthaidh, Cill na Martra, Cúil Aodha agus Réidh na nDoirí. Ceantar sléibhtiúil í an Ghaeltacht seo in áiteanna ach tá an chuid is mó di faoi bhrat trom dhuilliúr le coillte agus foraoiseacha ag fás go raidhsiúil ar fud an bhaill.

Suite i bhfoisceacht coiscéim choiligh de theorainn Chiarraí, tá Baile Bhúirne féin ar an bpríomhbhóthar (N22) ó Chorcaigh go Cill Áirne i measc na gcnoc is na ngleannta.

Tá an ceantar breac le hiarsmaí suimiúla ón seansaol. Is ann a fhaightear go líonmhar fás saibhreas na sean traidisiúin, idir teanga agus rince, idir cheol agus amhránaíocht. Chomh maith leis an stair ársa seo tá flúirse ealaíontóirí is ceardaithe timpeall na háite.


View Larger Map