Imbolc 2014

  • Biddy Jenkinson

    Biddy Jenkinson

    ‘Is fearr cleas maith amháin ná fiche drochchleas’ mar adúirt an cat nuair a criogadh an sionnach seiftiúil. Bíonn Biddy ag gabháilt de scéalta agus de dhánta, de dhrámaí , de líníocht agus is féidir a rá go macánta  agus í gafa le healaín ar bith acu seo gurbh fhearr […]

  • Abaigeal Ní Ógáin

    Abaigeal Ní Ógáin

    Mar idirghabhálaí sa Dánlann Eolaíochta (The Science Gallery) i mBaile Átha Cliath téann Abaigeal i dteagmháil leis an bpobal chun an eolaíocht agus an teicneolaíocht a mhíniú agus a phlé. Is é atá sa Dánlann ná áit a mbuaileann eolaíocht, viagra order ealaín, agus an pobal le chéile, chun an […]

  • Pádraig Ó Duinnín

    Pádraig Ó Duinnín

    Is as Gaeltacht Mhúscraí iad sinsear Phádraig, agus cé nach bhfuil teist na mara ar an gceantar, fós is fear mór báid é. Bhí suim aige riamh sa cheardaíocht agus conas a nascann sí le cultúr traidisiúnta, agus is mar shaor bád a d’aimsigh sé an cur chuige is nádúrtha […]

  • Julie Feeney

    Julie Feeney

    Dá mbeifeá ag tabhairt sainmhínithe ar “samildánach”, ní féidir níos fearr a dhéanamh ná Julie Feeney. Cumadóir, amhránaí, scríbhneoir, léiritheoir, ceoltóir, ealaíontóir téatair, ceolfhoirnitheoir agus oideachasóir – iad sin go léir agus a thuilleadh! Le duaiseanna bainte amach ag gach ceirnín eisithe go dtí seo, tháinig an ceann is deireanaí, “Clocks”, […]

  • Meadhbh Ní Chléirigh

    Meadhbh Ní Chléirigh

    Mac léinn i gColáiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath is ea Meadhbh, a bhí sa dara bhliain ag déanamh staidéir ar an innealtóireacht leictreonach. Níl raibh sí ach naoi mbliana déag d’aois tráth Imbocl 2014! Thit sí i ngrá leis an nGaeilge nuair a d’fhreastal sí ar choláiste samhraidh le Coláiste na […]

  • Victoria White

    Victoria White

    Is scríbhneoir agus iriseoir í Victoria White. Le linn a saol iriseoireachta bhí sí mar Eagarthóir na nEalaíon leis an Irish Times agus faoi láthair scríobhann sí don Herald agus tá colún aici gach Déardaoin san Irish Examiner. Tá dhá leabhar aici chomh maith – Raving Autumn and other Stories […]

  • Katie Ní Loingsigh

    Katie Ní Loingsigh

    Daoibh siúd a bhfuil suim agaibh i naisc idir an teicneolaíocht agus an traidisiún, tá féirín mór againn daoibh!  Mac léinn dochtúireachta in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath is ea Katie Ní Loingsigh, agus tá sé beartaithe aici bunachar nathanna cainte a chruthú as saothar an Athar Peadar Ua […]

  • Aogán Ó hAoláin

    Aogán Ó hAoláin

    Is duine é Aogán le taithí as cuimse aige i saol an airgeadais agus an ghnó – faoi láthair is stiúrthóir feidhmiúcháin airgeadais é in Dell le freagracht ar an Eoraip, ar an Meánoirthear agus ar an Afraic, agus is ról mór ceannasaíochta é ó thaobh na gcustaiméirí go léir […]