Katie Ní Loingsigh

Katie Ní LoingsighDaoibh siúd a bhfuil suim agaibh i naisc idir an teicneolaíocht agus an traidisiún, tá féirín mór againn daoibh!  Mac léinn dochtúireachta in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath is ea Katie Ní Loingsigh, agus tá sé beartaithe aici bunachar nathanna cainte a chruthú as saothar an Athar Peadar Ua Laoghaire. Rugadh agus tógadh í i mBaile Mhúirne agus bhain sí bunchéim amach sa Dlí agus Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Dhein sí MA in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaillimh agus chaith sí seal ansin mar stagiaire sa Bhruiséil in Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin, an Coimisiún Eorpach. Ina dhiaidh sin, d’éirigh léi post a fháil mar chúntóir eagarthóireachta taighde in Fiontar, áit a raibh sí ag obair ar thionscadail éagsúla sna daonnachtaí digiteacha Gaeilge, e.g. focal.ie, logainm.ie agus ainm.ie. Bronnadh comhaltacht taighde uirthi chun tabhairt faoi PhD sa réimse céanna, agus is sa ról sin a bhfuil sí ag tabhairt faoi shaothar an Athair Pheadair féin.

Leave a Reply