Faoi

Coincheap

Is í aidhm na comhdhála seo, a bhíonn ar siúl uair sa bhliain i mBaile Bhúirne, ná Gaeilgeoirí a bhailiú le chéile, Gaeilgeoirí a mbíonn tionscadail cheannródaíocha ar siúl acu, ó gach réimse an tsaoil – idir cheol is ghnó, theicneolaíocht is chúrsaí phobail, ealaín is eolaíocht.

Go ginearálta is é an t-aon ábhar amháin atá á sheachaint againn ar an lá ná cás na Gaeilge féin – tá a lán comhdhálacha ann cheana agus an Ghaeilge mar ábhar plé acu. Tá an tionscadal seo ar siúl go hiomlán ar bhonn neamhbhrabúsach, agus níl baint ar bith againn le haon dream polaitíochta.

Táimid faoi chomaoin mhór ag leithéid de thionscadail eile ar nós ted.com, áit a bhfacamar rud mar seo ar dtús. Táimid an-bhuíoch de na cainteoirí ar fad, a bhfuil ag tabhairt a gcuid ama chun an aisling seo a fhíorú. Is flaithiúil go mór an mhaise dóibh é!

Faoi Bernice agus Tomás

Bernice Doyle
Bernice Doyle
Tomás Ó hAodha
Tomás Ó hAodha

 

 

 

 

 

 

Is iad Tomás Ó hAodha agus Bernice Uí Aodha, lánúin pósta a bhfuil ina gcónaí sa cheantar Bhaile Bhúirne, atá ag eagrú an tionóil.

Tá Bernice ina hinnealtóir, agus Tomás ina fhorbróir bogearraí, agus tar éis iad láithreáin idirlín mar ted.com agus bigthink.com a fheiceáil creideann siad go bhfuil deis iontach ann tionól spreagúil Gaeilge a reáchtáil a mheallfadh Gaeilgeoirí den scoth chun a chuid smaointe a roinnt agus chun cumhacht an idirlín a úsáid an inspioráid sin a scaipeadh.