Teicneolaíocht

  • Imbolc@EP2022 – Nóirín Ní Bhraoin

    Imbolc@EP2022 – Nóirín Ní Bhraoin

    Is é GaelGoer ná aip don fón póca is ea ‘GaelGoer’ a chuireann ar chumas daoine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge teacht ar dhaoine eile agus cumarsáid a dhéanamh leo. Sa chaint seo, cuireann Nóirín cur síos dúinn ar an aip, cad chuige, agus conas is féidir linn go […]

  • Daithí de Buitléir

    Imbolc 2020 – Daithí de Buitléir

    Tá taithí leathan ag Daithí i réimse na nualaíochta le hiliomad gnó & tógra curtha ar bun aige. Faoi láthair is Príomhoifigeach Margaíochta é le ParkOffice, bogearra a réitíonn fadhanna paircéala do chomhlachtaí. Tá ParkOffice ar cheann do na gnólachtaí teic is mó fáis in Éirinn faoi láthair. In 2010 […]

  • Imbolc 2020 – Aengus Mac an Rí

    Imbolc 2020 – Aengus Mac an Rí

    Ceannaire cruthaitheach agus tráchtála is ea Aengus, le breis is cúig bliana déag taithí aige ag obair ar “Earraí Tomhaltóra a dhíolann go Tapa (FMCG)” Bíonn sé ag obair go hidirnáisiúnta agus go háitiúil le comhlachtaí ar nós Coca-Cola, Diageo, L’Oréal agus Bacardi-Martini. Bhuaigh feachtas margaíochta agus tráchtála dá chuid […]

  • Imbolc 2019 – Teresa Lynn

    Is Comhalta Taighde í an Dr. Teresa Lynn san Ionad ADAPT, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá spéis ar leith ag Teresa i bhforbairt acmhainní teanga a thugann tacaíocht do theicneolaíocht na Gaeilge agus úsáid na Gaeilge ar líne san áireamh. Tá an tionscadal GaelTech faoi stiúir Teresa faoi láthair, […]

  • Antoin Ó Lachtnain

    Imbolc 2016 – Antoin Ó Lachtnain

    Cé gur cuireadh oiliúint air Antoin mar shíceolaí agus mar fhealsamh, is fear gnó agus teicneolaíochta go smior é, agus tá sé sáite sa saol sin le fada an lá. Tá saineolas faoi leith aige i dtaobh cearta agus cúrsaí dlí ar líne, agus le hocht mbliana bhí sé ina stiúrhtóir […]

  • James Keaveney

    Mistéirí na gCáithníní – James Keaveney ag an Electric Picnic – Imbolc 2015

    Chun na mistéirí is mó sa chruinne a mhíniú, ní mór dúinn na caithníní is lú a bhualadh le chéile ar ardluas. Tá sé d’ádh linn go bhfuil James Keaveney againn chun a chuid oibre a chur os ár gcomhair, mar is fisiceoir é James leis an imbhuailteoir mór hadróin […]

  • Meadhbh Ní Chléirigh

    Meadhbh Ní Chléirigh

    Mac léinn i gColáiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath is ea Meadhbh, a bhí sa dara bhliain ag déanamh staidéir ar an innealtóireacht leictreonach. Níl raibh sí ach naoi mbliana déag d’aois tráth Imbocl 2014! Thit sí i ngrá leis an nGaeilge nuair a d’fhreastal sí ar choláiste samhraidh le Coláiste na […]

  • Katie Ní Loingsigh

    Katie Ní Loingsigh

    Daoibh siúd a bhfuil suim agaibh i naisc idir an teicneolaíocht agus an traidisiún, tá féirín mór againn daoibh!  Mac léinn dochtúireachta in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath is ea Katie Ní Loingsigh, agus tá sé beartaithe aici bunachar nathanna cainte a chruthú as saothar an Athar Peadar Ua […]

  • Annraoi de Paor

    Annraoi de Paor

    Ghnóthaigh Annraoi na céimeanna BE, PhD agus DSc ó Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath, agus MS ó Ollscoil Chalifornia, Berkeley. Caith sé tréimhsí mar léachtóir in Ollscoil Salford, Sasana, agus i UCD, agus ansin bhí se ina Ollamh le hInnealtóireacht Rialúcháin i Salford agus ina Ollamh le hInnealtóireacht Leictreach […]