Imbolc 2020 – Daithí de Buitléir

Daithí de Buitléir
Daithí de Buitléir

Tá taithí leathan ag Daithí i réimse na nualaíochta le hiliomad gnó & tógra curtha ar bun aige. Faoi láthair is Príomhoifigeach Margaíochta é le ParkOffice, bogearra a réitíonn fadhanna paircéala do chomhlachtaí. Tá ParkOffice ar cheann do na gnólachtaí teic is mó fáis in Éirinn faoi láthair.

In 2010 bhí Daithí mar Chathaoirleach Bunaithe ar Na Gaeil Óga CLG, cumann CLG lán-Ghaeilge atá imithe ó neart go neart ó shin. Anois tá breis is 25 foirne ag Na Gaeil Óga ag imirt gach cód den CLG. In 2012, bhunaigh Daithí RAG Ireland, carthanacht a spreag breis is 10,000 mhic léinn le dul i mbun gníomh pobail le linn an chúlú eacnamaíochta agus a thuill go leor duaiseanna ag an am sin.

Tá sé mar chomheagraí freisin ar scéim darbh ainm Cúpla Poc. Téann Cúpla Poc i ngleic le hiargúltachtas uirbeach trí dhaoine a spreagadh chun teacht le chéile le hiomáint a imirt i suíomhanna uirbheacha.

An togra is déanaí ag Daithí ná Borradh, pobal do dhaoine ar mhaith leo a luachanna a chuir i gcroílár a shaol ghnó. Cuireann Borradh roimhe spás do chinnirí, ceannrodaithe agus nualaithe gnó a chruthú chun teacht le chéile agus diriú ar na rudaí a bhfuil tabhachtach dóibh le meon úr.

Tags: ,
 

Comments are closed.