Meadhbh Ní Chléirigh

MeadhbhMac léinn i gColáiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath is ea Meadhbh, a bhí sa dara bhliain ag déanamh staidéir ar an innealtóireacht leictreonach. Níl raibh sí ach naoi mbliana déag d’aois tráth Imbocl 2014!

Thit sí i ngrá leis an nGaeilge nuair a d’fhreastal sí ar choláiste samhraidh le Coláiste na bhFiann agus í deich mbliana d’aois.  Ag teacht uaidh sin rinne sí an cinneadh freastal ar mheánscoil lán-Ghaelach, Coláiste Íosagáin, agus níor fhéach sí siar arís.

Thosaigh an tsuim atá aici i gcúrsaí fhuinnimh nuair a bhí sí san idirbhliain, nuair a rinne sí tionscnamh faoi fhuinneamh inathnuaite in Éirinn agus sa Ghearmáin. Chuir an pháipéar a scríobh sí béim ar an tábhacht a bhaineann le fuinneamh gaoithe, ábhar atá níos tráthúla anois ná riamh.

Chaith sí an samhradh seo chaite ag obair mar bhall den fhoireann ‘Energy Needs Ireland,’ foireann taighde atá déanta suas de mhic léinn ó timpeall na tíre agus chuaigh siad i mbun taighde ar thodhchaí an chórais leictreachais sa tír. Is é an taighde seo atá mar phríomhábhar na cainte aici i mBaile Bhuirne.

Leave a Reply