Julie Feeney

An Julie Féin!
An Julie Féin!

Dá mbeifeá ag tabhairt sainmhínithe ar “samildánach”, ní féidir níos fearr a dhéanamh ná Julie Feeney. Cumadóir, amhránaí, scríbhneoir, léiritheoir, ceoltóir, ealaíontóir téatair, ceolfhoirnitheoir agus oideachasóir – iad sin go léir agus a thuilleadh!

Le duaiseanna bainte amach ag gach ceirnín eisithe go dtí seo, tháinig an ceann is deireanaí, “Clocks”, isteach sna cairteacha ag Uimhir 1 agus bhronn The Irish Times “An Ceirnín is fearr in 2012” air.

In 2013 fuair sí cuireadh a bheith mar an príomh-cheoltóir ag cóisir na Oscars a raibh J.J. Abrams mar óstach di, le daoine mar Steven Spielberg sa lucht féachana, iad go léir faoi dhraíocht aici.

Tá an chéad cheoldráma dá chuid ‘BIRD’ faoi lán seoil in 2014, tar éis ceolchoirme lán go doras le linn Féile Ealaíon na Gaillimhe in 2013.

De réir an Washington Post, “The Emerald Isle’s Original,” deir The Observer (U.K.) “Feeney towers over her contemporaries.”. Dar an New York Times tá a cuid ceoil “charming, urbane and dreamy” agus de réir The Guardian (UK) “the world will listen.”

Tá an t-ádh linn go raibh Julie againn ag Imbolc 2014, idir cheol agus chaint! Anseo tugann sé léargas dúinn ar a meon intinne féin, agus cuireann sí ina luí orainn gur féidir linn go léir dearcadh an ealaíontóra a bheith ionann.

Comments are closed.