Pádraig Ó Duinnín

padraigIs as Gaeltacht Mhúscraí iad sinsear Phádraig, agus cé nach bhfuil teist na mara ar an gceantar, fós is fear mór báid é. Bhí suim aige riamh sa cheardaíocht agus conas a nascann sí le cultúr traidisiúnta, agus is mar shaor bád a d’aimsigh sé an cur chuige is nádúrtha dó chun tabhairt faoi sin. Tá scil faoi leith aige i ndéanamh bád, agus tá naomhóga curtha le chéile aige in áiteanna ar fud an domhain. Bhí sé ar na bunaitheoirí de Meitheal Mara in 1994, ionad a bhaineann úsáid as ceardaíocht na mbád chun saolta daoine a fhorbairt, agus bhí sé i mbun cúrsaí ansin go dtí 2011. Chomh maith leis an tionscadal sin, thug sé léargas níos leithne dúinn maidir le saol na farraige ar a chlár TG4 Muintir na Mara, a lean a thuras 6 bliana i naomhóg ó Chorcaigh suas go Tír Chonaill, agus na heachtraí a thit amach dó ar an tslí. Ar eagla nach raibh go leor scileanna aige fós agus an méid sin bainte amach aige, tá sé faoi láthair ag déanamh staidéir ar an ngarraíodóireacht i gCionn tSáile!

Sa chaint fhairsing seo tugann Pádraig léargas dúinn ar a shaol, a shaothar.

 

Leave a Reply