Imbolc@EP2024 – Diarmuid Ó Mathúna

As tuaisceart Chorcaí do Dhiarmuid Ó Mathúna ó dhúchas ach le breis agus 3 bliana anuas tá caifé beag á reáchtáil aige i gcroílár Gaeltacht Chonamara. Cuireadh oiliúint air in scoil chlúiteach chócaireachta, Ballymaloe agus chuaigh sé ar aistear domhanda ag foghlaim agus ag blagadóireacht faoi bhia na cruinne. D’oscail sé POTA Café béal dorais le TG4, áit a raibh Tigh Johnny Sheáin, ag deireadh na paindéime COVID. Ó shin, tá an gradaim don chaifé is fearr ar oileán na hÉireann buaite ag POTA faoi dhó anuas agus go leor gradaim eile. Is iad príomhluachanna an fhiontair ná Pobal, Inmharthantacht agus Ardchaighdeán.

Comments are closed.