Imbolc@EP2024 – Úna Bhreathnach

Tá Úna ina bainisteoir eagarthóireachta ar www.corpas.ie, www.tearma.ie, www.logainm.ie, www.duchas.ie, www.gaois.ie agus www.ainm.ie i measc tionscadail taighde agus téarmeolaíochta eile. Príomhthaighdeoir (PI) ar Thionscadal Digitithe Chnuasach Bhéaloideas Éireann (Dúchas) agus ar thionscadal Chorpas Náisiúnta na Gaeilge.

Tá BA sa Iodáilis agus sa bhFealsúnacht ó OÉ, Gaillimh aici, chomh maith le MA sa Staidéar Eorpach (UCD). Scríobh sí tráchtas PhD faoin dea-chleachtas sa bpleanáil téarmaíochta, A Best-Practice Model for Term Planning (2011: http://doras.dcu.ie/16548/), a bhuaigh an International Award for Outstanding Achievement in Theoretical/ Fundamental Research in the Field of Terminology, 2012. Comhúdar ar Téarmaíocht don Aontas Eorpach. Taithí na hÉireann: Tionscadal GA IATE (Cló Iar-Chonnacht, 2013).

D’fheighmigh sí mar chomheagarthóir ar TEANGA, Iris Chumann na Teangeolaíochta Feidhmí (2017-20) agus tá sí ina leas-uachtarán ar Chumann Eorpach na Téarmeolaíochta (EAFT) agus ina comheagarthóir ar Terminology Science & Research. Ball den Centre for Translation and Textual Studies, de ADAPT, agus den Choiste Logainmneacha.

Comments are closed.