Abaigeal Ní Ógáin

Abaigeal Ní ÓgáinMar idirghabhálaí sa Dánlann Eolaíochta (The Science Gallery) i mBaile Átha Cliath téann Abaigeal i dteagmháil leis an bpobal chun an eolaíocht agus an teicneolaíocht a mhíniú agus a phlé. Is é atá sa Dánlann ná áit a mbuaileann eolaíocht, viagra order ealaín, agus an pobal le chéile, chun an eolaíocht a chur trasna i slite spreagthacha nua-aimseartha. Ó osclaíodh é in 2008, tá breis agus milliún cuairteoir tar éis freastal ar an áit!

Is cúntóir saotharlainne í Aibeagal, istigh sa tSaotharlann Bhitheolaíochta atá lonnaithe sa Dánlann, agus sa ról sin bíonn sí i mbun taispeántas, eastóscadh DNA (DNA extraction), ullmhú de shaothrán fíocháin (tissue culture) agus éachtaí eile! Ag Imbolc 2014 tá Abaigeal ag roinnt a cuid tuairimí linn maidir le coincheap “An tSaotharlann Phoiblí”, agus na deiseanna atá ann lena leithéid.

Leave a Reply