Fionnbarra Ó Brolcháin

Imbolc 2010 – Fionnbarra”An Dúchas mar Inspioráid Nuálaíoch” – nascann Fionnbarra traidisiún agus nuálaíocht sa chaint leathan inspioráideach seo. Ábhar machnaimh don ré nua gan dabht.

Is iar-ollamh airgeadais é Fionnbarra Ó Brolcháin in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU), áit ar bhunaigh sé an lárionad Gaeilge, Fiontar.

Bhí sé ina chathaoirleach ar zamano, cialis gnólacht nua-thionscanta bunaithe ag iar-scoláirí Fiontar atá anois liostaithe ar Stocmhalartáin Bhaile Átha Cliath agus Londain.

Bhí sé mar ollamh sa Roinn Eacnamaíochta, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad (NUI Maynooth) agus ollamh ar cuairt sa Scoil Ghnó Smurfit, Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath (UCD), Ollscoil Michigan, Ollscoil Fordham agus Scoil Eacnamaíochta Helsinki.

Is co-udár (le James J. Kennelly) an leabhair, Capitalising on Culture, Competing on Difference [Blackhall Publishing, 2008] atá dírithe ar nuálaíocht, foghlaim agus ómós áite agus co-eagarthóir (le Joe Mulholland) an leabhair Ireland’s Economic Crisis- Time to Act, bunaithe ar léachtaí Scoil Shamhraidh Mhic a Ghoill 2009. Tá céim innealtóireacht leictreach aige ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC) is PhD aige ó Ollscoil Nua Eabhrach (NYU).

Leave a Reply