Michal Mechura

Sa chaint seo tugann Michal, physician ailtire focal.ie, léargas dúinn mar gheall ar an gcóras taobh thiar den suíomh sin.

Is ceardaí ríomhaireachta é Michal Mechura atá ag obair le Fiontar, DCU. Is eisean ailtire na gcóras ríomhaireachta taobh thiar de focal.ie agus logainm.ie, dhá shuíomh a bhfuil clú agus cáil orthu i measc lucht na Gaeilge.

Bhí sé i bhfeighil ar chúrsaí teicneolaíochta san iris leictreonach beo.ie chomh maith i mblianta tosaigh an togra agus chaith sé blianta fada ag obair le Microsoft roimhe sin mar innealtóir bogearraí. Tá céim mháistreachta aige sa ríomhtheangeolaíocht agus tá cúrsa sa ríomhaireacht ilteangach á theagasc aige in DCU.

Leave a Reply