Colmán Ó Raghallaigh

Athinsint na seanscéalta i bhfoirm úrnua ghrafach atá ar bun ag Colmán, agus anseo faighimid léargas den phróiseas cruthaitheach taobh thiar de.

Tá cáil ar Cholmán Ó Raghallaigh mar scríbhneoir do pháistí agus do dhaoine óga agus tá an-tóir ar a chuid leabhar. Ina measc siúd tá an tsraith iomráiteach leabhar faoin gcarachtar, Ruairí. Ghnóthaigh Drochlá Ruairí leis Gradam Uí Shuilleabháin i 1996. Foilsíodh freisin é i bhfoirm CD rom agus díoladh suas le 4000 cóip. Tá CD rom de Ruairí sa Zú ar fáil freisin. Foilsíodh cúig leabhar eile leis ag an nGúm, úrscéal do dhaoine óga faoin ngorta mór dar teideal Éalú san Oíche, agus ceithre phictiúrleabhair eile, Róisín ar Strae ina measc.

I 2002 foilsíodh An Sclábhaí, an chéad úrscéal grafach as Éirinn. Insint úr shamhlaíoch ar ghabháil agus éalú Naomh Pádraic atá ann agus agus ghnothaigh sé Duais Bisto dó. Tá trí cinn eile scríofa aige ó shin: An Tóraíocht (2003), An Teachtaire (2004) agus An Táin (2006). Ghnóthaigh sé duais eile Bisto i 2003 agus duaiseanna aitheantais an RAI agus an Oireachtais i 2003 agus 2004 faoi seach.

Tá go leor drámaí scríofa aige do pháistí agus duaiseanna Slógadh gnóthaithe acu. Tá céim MA sa Ghaeilge aige, chomh maith le céimeanna sa Bhéarla agus san Oideachas. Is bunmhúinteoir é agus tá sé ag obair faoi láthair mar mhúinteoir feabhais. I gcomhar le Telegael, ba é a chur na cúrsaí Gaeilge, Muzzy, ar fáil do bhunscoileanna na hÉireann. Chuir sé Cló Mhaigh Eo ar bun i 1995 chun leabhair Ghaeilge nua-aimseartha a chur ar fáil do pháistí agus do dhaoine óga.

Comments are closed.