Frank Allen

Mar a deir Aonghus thall ag Smaointe Fánacha, caint thar a bheith spreagúil, bunaithe ar a thaithí féin, a thug Frank, ag plé leis an riachtanas atá ann obair an earnáil phoiblí a athrú ó bhonn. B’é an idéil a chuir sé ós ár gcomhair ná an meon a thug ar fhoireann an GFI dhul amach ag sluaisteáil sneachta d’fhonn an Luas a choinneáil ag imeacht le linn an sneachta. An meon a dhíríonn ar an sprioc. Meon a dtug sé “meon bainistíochta” air, i gcodarsnacht leis an “meon comhlíonta” atá forleathan.

Ceapadh Frank Allen ina Phríomhfheidhmeannach ar an RPA i 2002; eagraíocht stáit is ea an RPA a dhéanann línte iarnród sráide Luas a dhearadh agus a chur i bhfeidhm. Roimhe sin bhí sé ag plé le bonneagar iompair, fuinnimh agus seirbhísí eile go hidirnáisiúnta. Chaith sé tréimhse fhada ag obair don Bhanc Domhanda ag cabhrú le hinfheisteoirí príobháideacha i dtíortha i mbéal forbartha. Tá spéis ar leith aige i gceisteanna a bhaineann le conas mar a oibríonn an stát le fiontar príobháideach agus leis an earnáil dheonach chun freastal ar riachtanais an phobail.

Is i nDroichead na Banndan a rugadh agus tógadh Frank agus caitheann sé mórán ama fós ag spaisteoireacht i sean-reiligí agus i measc sléibhte Iarthar Chorcaí.

Leave a Reply