Naoise Ó Conchubhair

Dearthóir agus clóghrafaiceoir is ea Naoise Ó Conchubhair atá ag obair i mBaile Átha Cliath. Tá céim san Amharc Chumarsáide aige ón gColáiste Náisiúnta Ealaíne agus Dearthóireachta. Anuas ar sin chaith sé tréimhse ag staidéar san Fhionlainn. I 2008 ainmníodh é mar Dhearthóir Óg na Bliana ag Gradaim Spiders Eircom agus i 2009 ainmníodh é mar Chéimí na Bliana ag gradaim bhliantúla an IDI (Institiúid Dearthóirí Éireann) mar aitheantas dá thráchtas: clófhoireann chomhaimseartha Ghaelach, Insular, agus is é an chlófhoireann sin ábhar na cainte seo.

Is é an coincheap taobh thiar de Insular ná fiosrú úsáid an tsean stíl Ghaelach i gcomhthéacs dearadh ardchaighdeáin nua-aimseartha. Thug an cheist seo an dearthóir ar thuras fhiosraithe spéisiúil agus níorbh iad na freagraí ar tháinig sé orthu na freagraí lena raibh sé ag súil.

I ndiaidh dó an coláiste a fhágáil, chaith Naoise bliain ag obair don chomhlacht dearadh idirlín Arekibo. Tá sé ag obair anois don chomhlacht dearthóireachta Creative Inc agus ag leanúint lena chuid oibre chruthaitheach féin chomh maith.

Trácht breá ag Aonghus thall ag Smaointe Fánacha chomh maith.

Leave a Reply