Muireann Nic Amhlaoibh

Tá an-éileamh ar Mhuireann Nic Amhlaoibh mar amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus láithreoir. Tógadh í i nDún Chaoin i gCorca Dhuibhne, Contae Chiarraí, áit a raibh ceol mórthimpeall uirthi. Bhí ceol aige baile chomh maith, agus ba nádúrtha an rud di amhráin agus poirt na háite a shú isteach! Bhain sí máistreacht amach sa cheol traidisiúnta i 2002 ó Ollscoil Luimnigh, áit ina múineann sí amhránaíocht agus flúiteadóireacht anois. Tá sí mar bhall den mór-ghrúpa traidisiúnta “Danú” ó 2003 agus tá an domhan mór siúlta aici leo. I 2010 d’eisigh Danú a ndlúthdhiosca ba dhéanaí dar teideal “Seanchas”.

Is ceoltóir aonarach í Muireann chomh maith, agus eisíodh a dlúthdhiosca féin “Fáinne an Lae” i 2006 a bhfuair ard-mholadh. Tá sí tar éis láithreoireachta a dhéanamh do Ghradaim Ceoil TG4 i 2007 agus 2009, do chláir Imeall, Geantraí, Ceolchuairt, Síog na Rann agus Cártaí Poist. I 2008 do thaifead sí an t-albam “Dual”, tionscnamh le Julie Fowlis na hAlban, Eamon Doorley agus Ross Martin a bhí bunaithe ar an nasc idir ceol na hÉireann is na hAlban. Is moltóir í le trí bliana anuas do Shiansa Gael-Linn, comórtas do ghrúpaí óga traidisiúnta.

Sa chaint seo cuireann Muireann os ár gcomhair a scéal pearsanta féin, agus an turas ceoil atá déanta aici. Tugann sí a foinsí ionspioráide féin dúinn, agus is leathan an gort é gan dabht. Tá cur síos breá ag Aonghus thall ag Smaointe Fánacha chomh maith.

Leave a Reply