Ciarán mac an Bhaird

Is léachtóir i NUIM é Ciarán agus bainisteoir an ‘Mathematics Support Centre’. I 2011 bhuaigh sé an duais sigma ‘Rising Star’ fá a chuid oibre in oideachas na matamaitice. Tá taighde ar bun aige fá láthair fá na buntáistí a bhaineann le modhanna nua teagaisc, mar phodchraoltaí, físeáin agus scáileáin tadhaill.

Sa chaint seo tugann Ciarán cur síos dúinn ar na háiseanna iontacha atá ar fáil ar an idirlíon agus ríomhairí chun cabhrú le daltaí a bhfuil stadéar ar an matamaitic á dhéanamh acu.

Mar a luann Aonghas thall ag Smaointe Fánacha:

Dúirt sé – agus an ceart iomlán aige – gur teanga atá i gceist le Mata, teanga chun dul i ngleic le fadhbanna, ach caithfear tuiscint sa teanga a bhaint amach. Fearacht aon teanga (an Ghaeilge san áireamh) baineann dua leis sin. Ach – agus b’shin croí a chuid cainte – tá an dúrud áis foghlama ar fáil ar an idirlíon chun cabhrú le mic léinn; an sceon roimh mata a mhaolú, agus an ábhar a mhíniú ar bhealach taitneamhach.

Leave a Reply