Liam Ó Maonlaí

Is duine de na ceoltóirí is amhránaithe is fearr in Éirinn é Liam Ó Maonlaí, le rac-cheol is ceol traidisiúnta araon. Ag treabhadh an ghoirt le breis is fiche bliain, bhí cnaga ceoil aige i níos mó ná fiche tír, é ag seinm le bundúchasaigh san Astráil agus ag déanamh taifeadtaí le ceoltóirí ar nós Carlos Nunes, Donal Luney, U2, Rolf Harris, Van Morrison, agus a lán nach iad. Pianódóir den chéad scoth is ea é, ach leis sin seinneann sé an giotár, an chruit, an fheadóg stáin, is an bodhrán.

Comments are closed.