Feargal Ó Móráin

Mar Stiúrthóir Fheidhmeanach in Enterprise Ireland tá Feargal freagarthach as cur chun cinn nuálaíochta, taighde agus forbartha i gcomhluchtaí duchasacha agus cur chun cinn tráchtalú taighde in institúidí tríú leibhéil. Tá Feargal freagarthach freisin as na h-infheistíochtaí atá ag EI i gcomhlachtaí agus cistí infheistíochta agus as cursaí pleanála laistigh den eagras.

Roimhe seo bhí postanna sinsearacha aige in Enterprise Ireland agus ‘sna h-eagraisí a tháinig roimhe, IDA Ireland ina measc.

Faoi láthair tá Feargal ina chathaoirleach ar an gCoiste Taighde agus Forbartha agus ar Choiste Tráchtálú Thaighde Tionscalaíochta Enterprise Ireland agus ina bhall den gCoiste Infheistíochta. Bíonn sé bainteach leis na cinntí infheistíochta a dhéanann Enterprise Ireland i gcomlachtaí bunaithe agus i gcomhlachtai nuathionscanta.

Ta Feargal ina bhall d’Údarás Ollscoil na Gaillimhe agus is ball é freisin de bhord Invent átá freagarthach as tráchtálú taighde in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU).

Tá iar chéimeanna ag Feargal in eacnamaíocht agus stráitéis gnó ó Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus ó Choláiste na Trionóide.

Leave a Reply