Annraoi de Paor

Ghnóthaigh Annraoi na céimeanna BE, PhD agus DSc ó Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath, agus MS ó Ollscoil Chalifornia, Berkeley.

Caith sé tréimhsí mar léachtóir in Ollscoil Salford, Sasana, agus i UCD, agus ansin bhí se ina Ollamh le hInnealtóireacht Rialúcháin i Salford agus ina Ollamh le hInnealtóireacht Leictreach i UCD. Tá sé ina Ollamh Emeritus anois, i mbun taighde agus múineadh go fóill. I 1986 bhunaigh sé Saotharlann Taighde san Ospidéal Náisiúnta Athshlánúcháin agus stiúraigh sé í go 2005. Tá moll mór de pháipéir léannta agus leabhar amháin foilsithe ar a thaighde innealtóireachta, agus trí leabhair leis i nGaeilge go nuige seo. Is ball é d’Acadamh Ríoga Éireann, Comhalta de Chumann na nInnealtóirí agus de roinnt Institiúidí eile.

Sa chaint spreagúil seo tugann Annraoi cur síos dúinn ar an obair cheannródaíocht a rinne sé maidir le galar Parkinsons.

Leave a Reply