Claire Ní Chanainn

Bhunaigh Claire The Ireland India Educational Foundation sa bhliain 2008 chun cabhrú le manaigh sna Himiléithe a bhí ag iarraidh cineál oideachais nua a chur ar a gcuid leanaí. Shíl siad go raibh oideachas praiticiúil chomh maith le acadúil ag teastáil ó na daltaí agus d’iarr siad ar Chlaire agus a foireann teastas a chruthú. Anuraidh cuireadh an chéad scrúdú ar fáil dos na daltaí i Shillong, san Ind, le tacaíocht ó Institiúid Teicneolaíochta Dún Dealgan. Tá tréimhsí caite ag Claire ag obair mar thaighdeoir le UNICEF, oifigeach cumarsáide leis na Náisiúin Aontaithe sa Chosaiv (Kosovo) chomh maith le seal mar mhúinteoir i Nicearagua, Peiriú agus anois i gCorcaigh.

Leave a Reply