Fáilte chuig an suíomh nua!

9710059146_00297b428b_mBhuel tá na físeáin ó 2013 thuas faoi dheireadh, agus ní amháin san ach tá suíomh nua curtha le chéile againn chomh maith. Go dtí seo bhíomar ag iarraidh coincheap Imbolc a mhíniú thar aon rud eile – ach faoin am seo tá 31 físeán againn ar an suíomh, agus níl slí níos fearr chun féile Imbolc a mhíniú ná na haoichainteoirí iad féin a chur i lár an aonaigh. Mar sin, is é sprioc an tsuímh nua ná na físeáin iad féin a chur chun tosaigh. Ceapaimid go bhfuil sé sin bainte amach againn, ach tá suim againn i gcónaí i do thuairim féin!

Táimid ag tosnú le hImbolc 2014, agus cúpla ainm againn cheana féin a bhfuilimid an-sásta leo. Nílimid chun iad a nochtadh fós, ach stay tuned!

3 Comments

  1. Suíomh an-snasta agus straitéis mhaith chiallmhar taobh thiar de. Maith sibh! Stayfidh mé tiúnáilte. 🙂

Leave a Reply