Kevin Scannell

Don chéad uair riamh, beidh cainteoir Imbolc linn beo thar an idirlíon, agus is oiriúnach amach is amach é gurb é an tOllamh Kevin Scannell an fear sin. Is ollamh le matamaitic agus ríomheolaíocht in Ollscoil San Louis, Missouri é Kevin Scannell. Tá cuid mhór taighde déanta aige ar mhionteangacha éagsúla agus ar an nGaeilge go háirithe; tá litreoir, gramadóir, agus teasáras leictreonach forbartha aige, agus is é atá i gceannas ar an bhfoireann a chuir Gaeilge ar roinnt bogearraí mór-le-rá, mar shampla Firefox agus LibreOffice. Chaith sé an bhliain seo caite mar fhostaí de chuid Twitter, ag iarraidh tacaíocht níos fearr a thabhairt do mhionteangacha ar an suíomh sin.

Comments are closed.