Trevor Sargent

Bhí Trevor Sargent mar Cheannaire ar an gComhaontas Glas agus T.D. d’Áth Cliath Thuaidh ó 1992 go 2011. Sa bhliain 2007, ceapadh é mar Aire Bia is Gairneoireachta. Mar iar-mhúinteoir agus mar aire, d’eagraigh sé go mbeadh deiseanna bia a chur ag fás i ngach bunscoil sa tír. Anois is scríbhneoir garraíodóireachta é. Leanann sé a chuid oibre freisin mar Chathaoirleach ar an ionad éiceolaíochta, Sonairte i gCo. na Mí, www.sonairte.ie.
Chuir sé tús le blog www.trevorskitchengarden.ie a dhéanann sur síos ar a chuid oibre ina ghairdín orgánach féin i mBaile Brigín, an gairdín orgánach is lú in Éirinn. D’fhoilsigh sé leabhar ar an dteideal céanna. Creideann sé gur gá a lán daoine a thraenáil mar garraíodóirí cistine chun gorta ollmhór a sheachaint amach anseo, nuair nach féidir ola a úsáid a thuilleadh i gcúraí feirmeoireachta.

Comments are closed.