Imbolc 2014 – Clár an Lae

Tá Imbolc 2014, an chomhdháil Ghaeilge inspioráideach, ag dul ar aghaidh ar an Satharn 8 Feabhra 2014, san Ionad Cultúrtha, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí. Is tionól aon lá amháin é, a thosnaíonn ag 10:00 r.n., agus beidh Gaeilgeoirí iontacha ag caint ann, daoine a bhfuil obair agus taighde ceannródaíoch ar bun acu ó gach aon earnáil den saol – gnó, na healaíona, na heolaíochtaí agus eile. Tá ríméad orainn go bhfuil cainteoirí den chéad scoth againn arís i mbliana, le saothar agus scéalta fíor-spéisiúla ag gach duine acu.

AN CLÁR

10:00 Biddy Jenkinson – Scríbhneoir agus ealaíontóir a bhfuil a leabhar “An tAthair Pádraig Ó Duinnín – Bleachtaire” atá ar liosta Comhar – na deich leabhar Ghaeilge is fearr ó chasadh na mílaoise.

10:30 Meadhbh Ní Chléirigh – Mac léinn leis an innealtóireacht leictreach, atá mar bhall rialta den ghrúpa Energy Needs Ireland.

11:00 SOS

11:30 Victoria White – iriseoir, scríbhneoir, iar-eagarthóir na n-ealaíon leis an Irish Times, agus tráchtaire ar chúrsaí comhshaoil.

12:00 Katie Ní Loingsigh – Ag obair le Fiontar in DCU agus a bhfuil bunachar sonraí nuálach á chur le chéile aici ó nathanna cainte an Athar Pheadair.

12:30 LÓN

2:00 Aogán Ó hAoláin – saineolaí airgeadais agus gnó, atá ina stiúrthóir feidhmiúcháin le Dell ar an Eoraip, an Mheánoirthear agus an Afraic.

2:30 Aibí Ní Ógáin – Idirghabhálaí leis an Science Gallery i mBaile Átha Cliath, a bhfuil sé mar chúram aici an eolaíocht a chur trasna do ghnáthdhaoine.

3:00 SOS

3:30 Pádraig Ó Duinnín – saor báid agus craoltóir, a bhfuil na tonnta timpeall na hÉireann rámhaithe aige!

4:00 Julie Feeney – Ceoltóir cumasach cáiliúil a bhfuil duais tar éis duaise bainte amach aici.

Ar an lá tabharfaidh gach cainteoir cur i láthair gairid, fiche nóiméad ar a mhéad, ar an obair atá ar siúl aige – tugann sé sin deis don lucht féachana réimse leathan d’ábhair a bhlaiseadh, chomh maith le cuid mhaith díospóireachta ina ndiaidh! Ba sheans iontach é bualadh le daoine a bhfuil cúrsaí ag éirí go hiontach leo, agus a bhfuil an Ghaeilge mar pháirt lárnach dá saol ag an am céanna. Tá cainteanna na mblianta seo thart ar fáil saor in aisce ar an suíomh www.imbolc.ie

Beidh Julie Feeney i mbun ceoil an oíche roimh ré chomh maith (Aoine 7 Feabhra), agus ceolchoirm speisialta ar siúl san Ionad Cultúrtha aici i gcomhpháirtíocht le hImbolc.

Beidh fáilte agus fiche roimh gach éinne ag Imbolc – ní chosnaíonn gnáth-thicéad ach €25, agus ticéad do mhic léinn, seanóirí, agus daoine atá dífhostaithe €15.

Is féidir ticéid a cheannach anseo – bí linn!

Leave a Reply