Féile Imbolc ag glacadh sosa i Mí Feabhra 2015

I rith na Nollag rinne eagraithe Imbolc, Bernice agus Tomás, cinneadh gan dul ar aghaidh le comhdháil Imbolc i mbliana. Cinneadh fíor-dheacair a bhí ann, mar tuigimid go maith an tacaíocht iontach atá faighte againn ónár gcuid cairde, idir shean is nua, thar na blianta, agus bhí drogall orainn cur isteach ar an móiminteam a bhí á chruthú agaibh.

Cé go bhfuil díomá orainn faoin scéal seo, tá súil againn go dtuigfeá an chúis atá taobh thiar de – le cúnamh Dé beidh an ceathrú leanbh ag Bernice agus Tomás ag teacht ar an saol i Mí Feabhra, díreach timpeall am traidisiúnta Imbolc. Shocraíomar faoi dheireadh nárbh fhéidir tabhairt faoin dá rud ag an am céanna!

Mar fhocail scoir, ná déan dearmad go bhfuil gach caint ó na blianta eile le feiceáil anseo, saor in aisce. Tá ríméad orainn go bhfuiltear feicthe breis agus 3,000 uair cheana, agus tá súil againn go mbeadh siad ina n-ábhar inspioráide do Ghaeilgeoirí ar fud an domhain.

Ár mbuíochas arís, agus le cúnamh Dé chífimid thú ag Féile Imbolc arís in 2016!

4 Comments

  1. Mar chúiteamh, tá mise chun maratón físeán Imbolc a bheith agam sa bhaile an deireadh seachtaine sin!

    Ná bíodh droch-choinsias oraibh, rinne sibh an cinneadh ceart agus tuigfidh gach duine stuama é.

  2. Déanann sibh an-jab ó bhliain go bliain, is foinse iontach í an suíomh dúinn atá lonnaithe thar lear.
    Go raibh céad maith agaibh agus ádh mór le bhur leanbh 🙂 agus na hoícheanta craiceáilte a leanfaidh a b(h)reith!

Leave a Reply to Hilary MhicSuibhneCancel reply