Imbolc 2016 – Diarmuid de Faoite

Diarmuid de Faoite

Tá clú agus cáil, chomh maith le duaiseanna, bainte amach ag Diarmuid de Faoite as a chuid aisteoireachta, é ar stáitse agus ar an scáileán araon. I measc na léiriúchán a raibh sé iontu tá Corp & Anam, Ros na Rún, Kings, agus gan dabht an seó stáitse aonair Pádraic Ó Conaire. Oíche Aoine 5ú Feabhra 2016 beidh deis againn turas a dhéanamh go teacht chun solais litríocht na hÉireann, Éirí Amach na Cásca, an Saorstát nua, agus teacht an tsóisialachais, go léir trí shaol Uí Chonaire – ar muin asail! Beidh Diarmuid ag nochtadh a thuairimí féin ag comhdháil Imbolc an lá dar gcionn, Satharn 6 Feabhra, i measc na gcainteoirí spreagúla eile atá againn!

“Comic, tragic and wonderfully compassionate, ‘Pádraic Ó Conaire’ should not be missed” ***** The Irish Times

Leave a Reply