Imbolc 2016 – Ciara Ní Éanacháin
![Ciara Ní Éanacháin](http://imbolc.ie/wp-content/uploads/2015/12/ciara3-300x225.jpg)
Bean óg í Ciara Ní Éanacháin ach is léir cheana féin go bhfuil mórán i ndán di. Bhí suim riamh aici i litríocht agus filíocht agus i mbliana thosaigh sí an oíche filíochta mhíosúil Reic, le go mbeadh oíche ‘spoken word’ Gaeilge i gcathair Bhaile Átha Cliath.
Oíche neamhfhoirmeálta atá ann, ina mbíonn filíocht, amhráin, agus rapcheol le choisteáil. Go dtí seo, tá Rónán Ó Snodaigh, Séamus Barra Ó Suilleabháin, Marcus Mac Conghail, Tempermental Miss-Elayneous, Eva O’Connor, MC Muipéad, agus neart eile théis páirt a ghlacadh san imeacht seo.
Tá Ciara ar Twitter ag @MiseCiara nó ar a blag anseo.