Imbolc 2016 – David Stifter

David Stifter
David Stifter

Ollamh leis an tSean-Ghaeilge i Maigh Nuad is ea David Stifter, agus is céim mhór chun tosaigh i teagasc na Sean-Ghaeilge a rinne sé leis an an leabhar leis “Seangoidelc”, nó an “sheep book” mar a thugann mic léinn le cion air!

Ag Imbolc 2016 beidh David ag déanamh cur síos ar an tionscadal is déanaí atá idir lámha aige – Chronologicon Hibernicum. Tá sé mar aidhm ag an togra seo modheolaíocht nua a fhorbairt chun dátú a dhéanamh ar Ghaeilge Meánaoiseach Luath (ca. 6ú – 10ú haois AD) agus creat cróineolaíoch na n-athruithe teangeolaíocha a fhorbairt. Bainfear an sprioc seo amach le cur chuige teicneolaíocha in eineacht leis na modhanna is nua-aimseartha staitistiúla.

Is féidir an tionscadal a leanúint ar Twitter anseo.

Agus ar Facebook anseo.

Leave a Reply