Laura Harmon ag an Electric Picnic – Imbolc 2015

Laura Harmon
Laura Harmon

‘Mol an óige agus tiocfaidh sé’ a deir an seanfhocal, agus níl duine níos fearr ann chun scéal na n-óg a insint dúinn ná Laura Harmon, iar-uachtarán Aontas na Macléinn in Éirinn (USI).

Sa chaint fhairsing seo, tugann Laura cur síos dúinn ar dhúshláin dhaoine óga na hÉireann sa lá atá inniu ann – conas a chuaigh an cúlú eacnamaíochta i bhfeidhm orthu, na hiarmhairtí a thit amach as sin, an eisimirce, costais oideachais, agus eile.

Ach ní duine diúltach í Laura, agus tugann sé taobh eile an scéile dúinn leis – taispeánann sí dúinn cumhacht na n-óg nuair a thagann siad le chéile ar son feachtais, agus ní áibhéil í a rá go bhfuil todhchaí na tíre ag brath ar dhíograis agus ar rannpháirtíocht na glúine atá ag dul in aibíocht díreach faoi láthair.

Comments are closed.