Tuilleadh sonraí faoi sheó na féile “Pádraic Ó Conaire”

Diarmuid mar PhádraicAoine 5ú Feabhra 2016 @ 8:30 san Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne, Co Chorcaí

eolas@ionadculturtha.ie / www.ionadculturtha.ie/026 45733

Seó Aonair le Diarmuid de Faoite, stiúrtha ag Paul Brennan.

Buaiteoir Gradam Stewart Parker / BBC NI

Nuair a chéad léiríodh ‘Pádraic Ó Conaire’ i 2001 bhí na léirmheastóirí ar aon fhocal agus cúig réalt á dháileadh acu ar an seó aonair eachtrúil, eipiciúl seo.

“Fuinniúl, spleodrach, cumasach agus lán de shamhlaíocht” a bhí ag Foinse, “un Tour de Force’ a bhí ag LÁ , “a terrific show” a dúirt an Tribune agus “mesmerising” a dúirt an Irish Times. Cúig réalt acu go léir. Nuair a fógraíodh clár comóradh 2016, mhothaigh Diarmuid de Faoite gurbh é a dhráma ‘Pádraic Ó Conaire’ , nár léiríodh le trí bhliana déag roimhe sin, an ráiteas ealaíona polaitiúla is fearr a d’fhéadfadh sé a dhéanamh in ómós do laochra agus d’fhís na Cásca. Baineann an dráma ní amháin le saol agus saothar an Chonairigh ach baineann freisin leis an tréimhse staire sin go léir: bunú Chonradh na Gaeilge, an athbheochan Cheilteach, an Éirí Amach, an Sóisialachas, Cogadh na gCarad agus bunú an tSaorstát. Ach ní léacht polaitiúl atá sa dráma ach an oiread ná é, dráma ildánach atá ann, é fisiciúl, físiúl, foclach, dhá theangach, tragóideach, greannmhar, measúil, aonarach le hos cionn triocha carachtair ann san am céanna! Is geall le máistir rang é ina nathraíonn de Faoite ó charachtar go carachtar mar a bheadh chameleon ann, ó theanga go teanga le clisteacht béil agus ón bhfoclaíocht go dtí an fisiciúlacht le coiscéim éadrom.

Sóisialaí, náisiúnaí, fánaí agus pótaire a bhí i bPádraic Ó Conaire. Is é seo scéal a bheatha trí shúile a cháirde: Mícheál mac Liammóir, Austin Clarke, Liam Ó Flaherty, Michael Collins agus go leor eile ina measc. Ach ansin arís tá dearcadh na heaglaise ann, dearcadh an stáit agus dearcadh Phádraic fhéin ag teacht salach orthu. An greann, an grá, an brón agus an briseadh, bainfidh ‘Pádraic Ó Conaire’ deora gháirí agus ghoil asat.

“….A warts and all account of a forgotten genius, a hopeless drunk and an inveterate sponger. Comic, tragic and wonderfully compassionate, ‘Pádraic Ó Conaire’ should not be missed.” The Irish Times.

EOLAS BREISE: Diarmuid ag POC productions: 0868139289 ddefaoite3@gmail.com

Tá cáil nach beag ar Dhiarmuid de Faoite, i measc lucht na Gaeilge ach go háirithe. Bhí aithne air mar ‘Jack’ i Ros na Rún agus mar Chathal i gCorp+Anam. Ainmníodh é i gcomhair IFTA i 2014, bhuaigh a chlár faisnéise faoin gConaireach ‘an fhadchlár faisnéise is fearr’ ag Féile na Meán Ceilteach agus bhuaigh a sheó aonair ‘Pádraic Ó Conaire’ gradam an Stewart Parker.

D’oibrigh Paul go proifisiúnta mar aisteoir, mar stiúrthóir, mar dhramadóir agus mar mhúinteoir dhramaíochta le breis is tríocha cúig bliana. D’oibrigh sé mar stiúrthóir le hAmharclann na Mainistreach, an Gate agus amharclanna eile i mBaile Átha Cliath, le Druid i nGaillimh, le Island i Luimneach agus go háirithe le Red Kettle i bPort Láirge.

Clúdaíonn léiriúcháin le POC a dhráma féin, Herman agus Fairgreen Slaughterhouse le Colm Corless. Le deireanas, stiúir sé Pigtown le Mike Finn i Luimneach, Full Moon Hotel le Philip Doherty in Smock Alley i mBaile Átha Cliath agus a dhráma féin Hats off to Clare, i nGlór in Inis. Múineann sé teicníc Michael Chekhov do mhic léinn dramaíochta lánaimseartha sa dara bliain sa Gaiety School of Acting i mBaile Átha Cliath. Reáchtálann sé ceardlanna sa teicníc d’aisteoirí proifisiúnta freisin.

Leave a Reply