Imbolc 2016 – Feena Tóibín
![Feena Tóibín](http://imbolc.ie/wp-content/uploads/2015/12/308e8bb950d163342c0d8ce71712b2f6_400x400-300x300.jpeg)
Is beag duine in Éirinn a bhí tionchar chomh mór sin ar ár stair ná Dubhghlas de hÍde. Staraí, scríbhneoir, gníomhaí teanga agus cultúir, agus gan dabht ár gcéad uachtarán leis. Tá Feena Tóibín i mbun dochtúireachta faoi láthair ag déanamh grinnstaidéir ar dhialanna an fhir seo, agus tugann sí caint fhíor-shuimiúil seo ag Imbolc 2016 i mBaile Bhúirne, Co. Chorcaí. Pléann sé de hÍde féin, téama an-oiriúnach i mbliain an chomhóraidh seo, agus díríonn Feena isteach ach go háirithe ar luath-thréimshe an fhir, agus ar thriúr ban a raibh tionchar mór acu air.