Electric PicnicTá áthas mór orainn a fhógairt go mbeidh Féile Imbolc ag glacadh páirte sa Phuball Gaeigle ag an Electric Picnic an deireadh seachtaine seo. Tá seisear Gaeilgeoirí inspioráideacha againn a bheidh ag roinnt scéalta, tionscadal, agus draíochta linn – triúr ar an Satharn agus triúr eile ar an Domhnach.

Satharn 3ú Meán Fómhair 12 – 1

Tura Arutura (@arutura) – Ón tSiombáib ó dhúchas, tá Tura tar éis cultúr na nGael a ghlacadh chuige féin go smior. Amhránaí, seanchaí agus rinceoir is ea Tura a bhfuil scéal is talann faoi leith aige.

Ailbhe Jagodic (@jagodisco) – Teripeoir cainte agus urlabhra is ea Ailbhe a thagann ón Olainn, agus a bhfuil taithí fhairsing aici ag obair le páistí, san áireamh ag féilte difriúla ar nós Body & Soul agus an Electric Picnic.

Rua (@rua_official) – Draíodóir faoi leith é Rua, a bhfuil clú agus cáil bainte amach aige ní hamháin ar an stáitse, ach ar an teilifís agus anois go hidirnáisiúnta. Ní dhéanfaidh tú dearmad ar an bhfear seo go héasca!

Domhnach 4ú Meán Fómhair 12 – 1

Ed Hick (@edhick) – Conas a dhéantar cur síos ar Ed? Búistéir is ea é, mar a bhí a athair, a sheanathair, agus a shin-sheanathair! Dúil mór aige sa bhia, agus bia folláin sláintiúil ach go háirithe.

Dairena Ní Chinnéide – File agus scríbhneoir mór le rá is ea Dairena. Tá Arlen House ag foilsiú a naoú cuasach filíochta “fé Gheasa – Spellbound” go luath, agus ag an bPicnic beidh a scéal pearsanta litríochta féin á nochtadh aici.

Tomaí Ó Conghaile (@tomairua) – Eagrathóir irisleabhair agus nuachtáin é Tomaí, a bhfuil éachtaí móra bainte amach aige sna meáin. Inniu beidh sé ag caint linn faoi úfónna, spéirmhná agus spéirfhir – an feiniméan anaithnid os ár gcionn!

Bígí linn ag an bPuball Gaeilge, an áit is Gaelaí ag an Elecetric Picnic!

(Mura bhfuil tú ag an bPicnic, ná bí buartha. Beidh na cainteann ar líne ar ball, in éineacht leis na cinn iontacha eile atá againn – téigh go www.imbolc.ie)

Leave a Reply