Imbolc 2017 – Ciarán Mac an Bhaird

Ciarán Mac an Bhaird

Is léachtóir é Ciarán Mac an Bhaird le Gnó agus Bainistíochta i Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá PhD bainte amach aige i gColáiste na Tríonóide, chomh maith le B.Comm. agus céim L.L.B. ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus M.Sc. san Airgeadas ó Ollscoil na hÉireann Baile Átha Cliath. Tar éis dó intéirneacht a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach, d’oibrigh sé ar tionscadail oideachais agus faoiseamh ó ghorta san Ind agus san Aetóip faoi seach. Bhunaigh sé an chéad luasaitheoir do mhic léinn in Éirinn, UStart, in 2012 le hurraíocht ó Fhundúireacht JP Morgan. Déanann Ciarán taighde ar ghnéithe i saol an ghnó, ar nós struchtúr airgeadais agus bainistíocht airgeadais i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide, fiontraíocht, forbairt réigiúnach, agus polasaithe tacaíochta do SMEanna.

Comments are closed.