Físeán – David Stifter ag Imbolc 2016 ag caint faoi Chronologicon Hibernicum

Sa chaint seo tugann David Stifter, Ollamh leis an tSean-Ghaeilge i gColáiste Mhaigh Nuad, cur síos dúinn ar thionscadal úrnua atá idir lámha acu san ollscoil – Chronologicon Hibernicum.

Is í príomhaidhm an togra ná modheolaíocht maidir le dátú a dhéanamh ar fhorbairtí i dteanga na Sean-Ghaeilge (ca. 6ú – 10ú haois A.D.), agus creatlach croineolaíoch d’athruithe teangeolaíochta a chruthú, ar féidir as sin amach úsáid a bhaint as chun dátaí a chur le téacsanna ó thréimhse na Sean-Ghaeilge.

Bainfear an sprioc seo amach le hanailís theangeolaíochta agus fhocleolaíochta, in éineacht le modheolaíochtaí ardleibhéil staitistiúla.

Leave a Reply